Bhí Naíonáin Bheaga ag dul siar ar na litreacha agus fuaimeanna atá foghlamtha againn go dtí seo le déanaí. Chuireamar ár leabhair ar leataobh agus chaitheamar an tseachtain ag spraoi. D’imríomar “Biongó” agus “Cén cupán?” Chuamar timpeall na scoile is an tseomra ar thóir fuaimeanna is ag coimeád tuairisc ar ár dtorthaí. Bhaineamar an-taitneamh as na gníomhaíochtaí éagsúla.
Junior Infants recently spent some time revising the letters and sounds we have learned so far. We put our books aside and spent the week having fun. We played "Bingo" and "Which cup?" We walked around the school on a sound-hunt and searched our classroom school looking for sounds and recording our results. We really enjoyed the various activities and can’t wait to try them again!